Working together to improve teaching, learning and assessment Leagan Gaeilge
Do Scoláirí ›› Ceachtanna ar Geogebra

Cad is GeoGebra ann?

Is pacáiste bogearraí matamaitice é GeoGebra, atá saor in aisce agus dinimiciúil, agus a úsáidtear ag múinteoirí i rangsheomraí ar fud an domhain. Nascann sé céimseata, ailgéabar, táblaí, grafadh, staitistic agus calcalas isteach in aon phacáiste inúsáidte amháin. Tá mórán duaiseanna do bhogearraí oideachais buaite aige ar fud na cruinne.

Cén fáth a n-úsáideann múinteoirí agus scoláirí GeoGebra?

Ag an leibhéal is simplí, ceadaíonn GeoGebra do scoláirí an obair atá ar bun acu sa mhatamaitic ‘a fheiceáil’. Mar shampla, nuair a bhíonn rud éigin teibí idir lámha acu, de leithéid péire cothromóidí comhuaineacha(comhchothromóidí) a réiteach, is féidir an dá chothromóid a ghrafadh go tapa agus gan dua ionas go bhfeictear don scoláire cad is brí le réiteach na gcothromóidí. Is féidir úsáid a bhaint as GeoGebra chun deis a thabhairt do scoláirí gaolmhaireachtaí sa mhatamaitic a aimsiú dóibh féin, mar shampla go mbíonn tadhlaí le ciorcal i gcónaí ingearach leis an nga ag an bpointe tadhaill. Toisc go bhfuil GeoGebra dinimiciúil, is furasta do scoláirí a fheiceáil conas a théann athruithe ar chainníocht amháin i bhfeidhm ar chainníochtaí eile. Mar shampla, nuair a bhíonn siad ag foghlaim mar gheall ar an diall caighdeánach nó an comhéifeacht comhghaolúcháin, tig le scoláirí mír amháin sna sonraí a athrú féachaint cén éifeacht a bheidh aige seo ar gach cainníocht.

Sraith ceachtanna teagaisc GeoGebra

Chun cabhrú leat tosú ar GeoGebra a úsáid, seo agat roinnt físeán gearr a thabharfaidh buneolas duit air.

Déan íoslódáil ar Geogebra
 

Lean na treoracha san fhíseán seo le Geogebra a íoslódáil.

Suiteáil Geogebra
 

Ar mhaith leat Geogebra a shuiteáil a chúpla ríomhaire? Féach anseo.

Cumraigh Geogebra
 

Léiríonn an físeán seo na bunsocruithe Geogebra.

Ag bogadh radharc grafaicí
 

Bíonn sé an-úsáideach grafaicí a bhogadh agus a scálú le Geogebra.

Íomhá a chur isteach
 

Is féidir íomhánna a chur isteach trí Geogebra leis an mhata a nascú leis an do…

Geogebra a úsáid do Chéimseata
 

Déroinn a dhéanamh ar línetheascán
 

Cothromóid Ciorcail
 

Geogebra a úsáid do Dhóchúlacht agus…
 

Lámhleabhair GeoGebra

GGBGeom GGBFunc

  • New to projectmaths.ie