Cludaíodh i gCúrsa Modúlach 3 ábhar a bhain le Snáithe 3 – Uimhir, agus le Snáithe 4 – Ailgéabar. Roinneadh an cúrsa ina 4 Mhodúl. Soláthraítear anseo forbhreathnú gearr ar ábhar gach modúil, chomh maith leis na hacmhainní a úsáideadh i ngach modúl díobh.
Sa chéad mhodúl den chúrsa ar uimhir agus ailgéabar déileáladh le patrúin líneacha ar a n-áirítear seichimh uimhríochta (chomhbhreise) agus feidhmeanna líneacha. Rinneadh cíoradh ar choincheapa an luach tosaigh agus an ráta athraithe agus áiríodh ann modhanna chun gach ceann díobh a aithint ó tháblaí, graif agus foirmlí.
Cur i láthair Mhodúl 1 ![]()
Gníomhaíochtaí Mhodúl 1 ![]()
Sa dara modúl den chúrsa ar uimhir agus ailgéabar déileáladh leis an idé nach féidir gach cúinse ghnáthshaoil a léirshamhlú go cruinn trí úsáid a bhaint as patrún líneach. Ag éirí as seo, seoladh isteach patrúin chearnacha, chiúbacha agus easpónantúla agus rinneadh imscrúdú ar ghnéithe/airíonna gach cineál feidhme díobh.
Sa tríú modúl den chúrsa ar uimhir agus ailgéabar díríodh aire ar imscrúdú a dhéanamh ar phatrúin chearnacha agus easpónantúla níos casta. Mar chuid den phróiseas seo tugadh isteach seichimh iolraíocha agus pléadh a n-airíonna ginerarálta. Lamháladh am freisin chun imscrúdú a dhéanamh ar sheichimh uimhríochta-iolraíocha.
Gníomhaíochtaí Mhodúl 3 (agus Mhodúl 4) ![]()
Sa mhodúl deireanach den chúrsa ar uimhir agus ailgéabar díríodh aire ar sheichimh iolraíocha agus ar fheidhmeanna easpónantúla i gcomhthéacs an airgeadais. Lamháladh am chun úsáid a bhaint as seichimh iolraíocha i réiteach fadhbanna a chuimsigh ús iolraithe, iarmhéid laghdaitheach, rátaí bliantúla coibhéiseacha agus amúchadh.