To help you get started on using GeoGebra here are some short videos which explain the basics of GeoGebra.

Want to download and install GeoGebra? Simply follow the instructions in this tutori…

Moving and scaling the graphics view is one of the most useful things to know In Geo…

Want to construct the perpendicular bisector of a line segment? This tutorial will s…
Is pacáiste bogearraí matamaitice é GeoGebra, atá saor in aisce agus dinimiciúil, agus a úsáidtear ag múinteoirí i rangsheomraí ar fud an domhain. Nascann sé céimseata, ailgéabar, táblaí, grafadh, staitistic agus calcalas isteach in aon phacáiste inúsáidte amháin. Tá mórán duaiseanna do bhogearraí oideachais buaite aige ar fud na cruinne.
Ag an leibhéal is simplí, ceadaíonn GeoGebra do scoláirí an obair atá ar bun acu sa mhatamaitic ‘a fheiceáil’. Mar shampla, nuair a bhíonn rud éigin teibí idir lámha acu, de leithéid péire cothromóidí comhuaineacha(comhchothromóidí) a réiteach, is féidir an dá chothromóid a ghrafadh go tapa agus gan dua ionas go bhfeictear don scoláire cad is brí le réiteach na gcothromóidí. Is féidir úsáid a bhaint as GeoGebra chun deis a thabhairt do scoláirí gaolmhaireachtaí sa mhatamaitic a aimsiú dóibh féin, mar shampla go mbíonn tadhlaí le ciorcal i gcónaí ingearach leis an nga ag an bpointe tadhaill. Toisc go bhfuil GeoGebra dinimiciúil, is furasta do scoláirí a fheiceáil conas a théann athruithe ar chainníocht amháin i bhfeidhm ar chainníochtaí eile. Mar shampla, nuair a bhíonn siad ag foghlaim mar gheall ar an diall caighdeánach nó an comhéifeacht comhghaolúcháin, tig le scoláirí mír amháin sna sonraí a athrú féachaint cén éifeacht a bheidh aige seo ar gach cainníocht.
Chun cabhrú leat tosú ar GeoGebra a úsáid, seo agat roinnt físeán gearr a thabharfaidh buneolas duit air.