Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

 

Eolas Fúinn  - Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata 


Cé Muid?
Buíon múinteoirí matamaitice muid a bhfuil taithí na mblianta againn ar mhúineadh na matamaitice. Earcaíodh muid chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt phroifisiúnta na múinteoirí matamaitice iarbhunscoile ar fud na tíre, mar chuid den Tionscadal Mata.
Sa bhliain 2008 a bunaíodh muid i dtosach, chun tacaíocht a thabhairt don 24 scoil a bhí ag plé le forbairt agus le píolótú an churaclaim. Comhordaitheoir Náisiúnta agus 6 Oifigeach Forbartha Réigiúnacha a bhí ann ar dtús. Cuireadh leis an bhfoireann ó shin chun tacaíocht a sholáthar de réir mar a bhí an clár forbartha proifisiúnta á leathnú ar fud na tíre. Foireann 18 atá ann anois – Comhordaitheoir Náisiúnta, Comhordaitheoir Náisiúnta Cúnta agus 16 OFR.
Agus tá an fhoireann ag dul i méid – tá 60 Éascaitheoir Áitiúil againn anois a oibreoidh in éineacht linn, tríd an líonra náisiúnta Ionad Oideachais, chun tacaíocht bhreise chomhlántach a thabhairt do mhúinteoirí matamaitice.

Cad a dhéanaimid?

Cuirimid raon tacaí forbartha proifisiúnta ar fáil do thart ar 6,000 múinteoir matamaitice Iarbhunscoile. Ina measc, cuidiú do cheardlanna, acmhainní a fhorbairt a thacaíonn le múinteoirí agus le daltaí araon, cúrsaí modúlacha ICT a sholáthar mar aon le hábhar agus tacaíocht idirlín a chruthú agus a chothabháil.

Éilíonn an Tionscadal Mata ardleibhéal comhoibrithe. Tarlaíonn sé, ar an dea-uair, go bhfuil Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata (PMDT) i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí ar nós CNCM, an National Centre for Excellence in Mathematics and Science Teaching and Learning Centre, Ollscoil Luimnigh, Cumann Oidí Matamaitice na hÉireann (Irish Maths Teachers Association) agus an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (National Centre for Technology in Education) agus eagraíochtaí eile. 

Baill na foirne:


An Comhordaitheoir Náisiúnta: 

Dr. Anne Brosnan,
Pobalscoil Bhaile Átha Fhirdhia, Co Lú.


An Comhordaitheoir Náisiúnta Cúnta: 

Cammie Gallagher,
Coláiste Iarlatha, Co. na Gaillimhe

.

Oifigigh Forbartha Réigiúnacha:


Annie Patton
Scoil Ghramadaí Ardeaglais Phádraig, Co. Bhaile Átha Cliath.

Maria Kelly
Pobalscoil Bhaile an Easpaig, Co. Chorcaí.

Audrey Byrne
Coláiste Pobail Leamhcáin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Noel Donnelly 
Coláiste Pobail Mac Dara, Co. Bhaile Átha Cliath.

Bernie Ní Dhonnchú
Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí.

Owen Mc Conway
Pobalscoil Charn Domhnach, Co. Dhún na nGall.

Caroline O'Shea 
Coláiste na Coiribe, Co. na Gaillimhe.

Padraic Kavanagh 
An Scoil Ríoga, An Cabhán, Co. an Chabháin.

Fiona Lennon
Acadamh Mhuire, CBS, Co. Cheatharlach.

Patricia McDonagh
Pobalscoil Bhaile an Mhuilinn, Baile an Mhuilinn, Co.Chorcaí.

Gary Ryan 
Coláiste Chaladh an Treoigh, Co. Luimnigh.

Sheelagh Clowry 
Coláiste na Toirbhearta De La Salle, Muine Bheag, Co. Cheatharlach.

Jillian Brennan 
Coláiste Ráth Tó, Co. na Mí.

Tom O'Connell 
Pobalscoil Bhaile an tSaoir, Co. Bhaile Átha Cliath.

John Mc Keon
Iarbhunscoil Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tony Knox
Coláiste Chill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh.

Tá ár gcuid sonraí teagmhála le fáil anseo

Cén áit a bhfuilimid?
Déantar riar lárnach maidir le Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata (PMDT) as Ionad Oideachais Dhroim Conrach. Is féidir dul i dteagmháil le Ms. Grainne Haughney, Riarthóir Seirbhíse, ag 01 857 6400, nó sa ríomhphost: [email protected]
Cliceáil anseo d’eolas breise faoin Tionscadal Mata.