Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Comórtais Mhatamaitice

 

Comórtas Sóisearach Matamaitice na hÉireann 2011

www.corkmaths.ie

Tá an comórtas seo anois ar oscailt do scoláirí na Chéad Bhliana. Chun breis eolais a fháil, cliceáil anseo.

 

Oilimpiad Matamaitice na hÉireann.

Comórtas bliantúil é seo a eagraítear i mí Bealtaine gach bliain(http://www.irmo.ie/). Scoláirí a n-éiríonn go maith leo sa Teastas Sóisearach, tugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna mar ullmhúchán don chomórtas.

Réiteach Fadhbanna do Mhatamaiticeoirí Dara Leibhéal (PRISM)

Comórtas do scoláirí scoileanna dara leibhéal, eagraithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ach a reáchtáiltear i scoileanna na scoláirí féin. Bíonn dhá chomórtas ann, ceann do scoláirí sóisearacha agus ceann do scoláirí sinsearacha (http://www.maths.nuigalway.ie/PRISM/).


Matamaitic Foirne

Reáchtáiltear an comórtas seo go bliantúil do scoláirí scoileanna dara leibhéal.( http://www.imta.ie/ )