Pacáistí Bogearraí
Tá mórán pacáistí bogábhair ar fáil do theagasc agus d’fhoghlaim na Matamaitice e.g. Autograph, Excel (saor in aisce), GeoGebra (saor in aisce) agus Acmhainní Suíomh Gréasáin.
Moltar go mbeadh ríomhaire agus teilgeoir sonraí i bhfearas i ngach rangsheomra Matamaitice, nó go mbeadh teacht ar sheomra ina bhfuil cuid díobh seo ar fáil.
Acmhainní Bogábhair
Bogábhar il-léibhinn, dinimiciúil Matamaitice do scoileanna is ea GeoGebra, atá saor in aisce agus a chomhchuimsíonn Céimseata, Ailgéabar agus Calcalas. Tá GeoGebra ar fáil ag http://www.geogebra.org/cms/
Is foireann bogábhar oifige ó fhoinse oscailte é Open Office, do phróiseáil focal, scarbhileoga, cuir i láthair, grafaicí agus bunachair sonraí. Tá Open Office ar fáil ag http://www.openoffice.org.



