Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Lámhleabhair an Mhúinteora


Tugtar treoirlínte i Lámhleabhair an Mhúinteora a chuidíonn le múinteoirí imeascadh solúbtha a phleanáil agus a fhorbairt idir an siollabas agus na torthaí foghlama, maidir le smaointe difriúla sna ceachtanna a bhíonn le teagasc agus le foghlaim. Tugann gach Lámhleabhar treoir maidir le ceachtanna a phleanáil, ina bhfuil an struchtúr seo a leanas:


Bunsmaoineamh an Cheachta ina léirítear an Snáithe atá i gceist, mar aon leis an leibhéal: Bonnleibhéal agus/nó Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal.

An Teideal a thagraíonn don mhír ábhartha sa snáithe atá i gceist.

Acmhainní áit a dtugtar liosta de na hacmhainní a bheidh ag teastáil leis an topaic a theasgasc agus le foghlaim faoin topaic.

Inneachar áit a dtugtar cuntas ar an ábhar a bheidh le hiniúchadh agus le tuiscint ag na daltaí.

 

Íocón a bhíonn le feiceáil in áiteanna san inneachar agus a chiallaíonn go bhfuil modúl idirghníomhach TF ar CD an Dalta atá ag freagairt don chuid sin d’inneachar an Tionscadail Mhata.


Íocón a láithríonn mar léiriú ar nasc go dtí suíomh idirlín.

 

Gheofar thíos na Lámhleabhair Mhúinteora a rinneadh go dtí seo.

 

Lámhleabhair don Chiogal Sinsearach

Lámhleabhar don Timthriall Sinsearach: Snáithí 1 – 5 (Ardteistiméireacht: Ardleibhéal)

Lámhleabhar don Timthriall Sinsearach: Snáithí 1 – 5 (Ardteistiméireacht: Gnáthleibhéal)

 

Lámhleabhair don Chiogal Sóisearach

Lámhleabhar don Chéad Bhliain: Snáithí 1 – 5 (Gach Leibhéal) (Gaeilge)

Lámhleabhar don Dara Bliain: Snáithí 1 – 5 (Gach Leibhéal)

Lámhleabhar don Tríú Bliain: Snáithí 1 – 5 (Gach Leibhéal)