Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Acmhainní CNCM/NCCA do Dhaltaí


Maidir leis na hacmhainní daltaí atá forbartha ag an CNCM/NCCA do Snáitheanna 1 agus 2, ceapadh iad chun obair na ndaltaí sa rang a leathnú agus chun cuidiú leo tuiscint a fháil ar na coincheapa matamaiticiúla a bhíonn i gceist. Is féidir na hacmhainní sin a úsáid chun na daltai a chur ag plé cúrsaí matamaitice eatarthu féin agus iad ag obair ina bpéirí nó i ngrúpaí beaga. Tabharfaidh siad deis do na daltaí a gcuid smaointeoireachta agus réasúnaíochta a chur in iúl freisin. Nó d’fhéadfaí iad a thabhairt mar obair bhaile, ach plé éigin a bheith déanta ar an topaic sa rang ar dtús. Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á gcomhlánú ag na daltaí, beidh orthu faisnéis a phróiseáil agus ciall a bhaint aisti, agus a gcuid conclúidí, etc. a mhíniú agus a chosaint ansin.


Tá na topaicí sna hacmhainní seo ag teacht leis na siollabais don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht tríd is tríd, cé nach bhfuil Veicteoirí (in acmhainní Céimseata 5) ar shiollabas na hArdteistiméireachta a thuilleadh.


Féadfaidh daltaí a gcuid scileanna sa smaointeoireacht loighciúil agus sa réasúnaíocht a fhorbairt le cuid de na hacmhainní, má leanann siad an struchtúr tacaíochta atá tugtha. Cur chuige praiticiúil atá ar intinn i gcás na ngníomhaíochtaí sin – obair i bpéirí is fearr go minic.


Cliceáil anseo chun breathnú ar na hacmhainní uile atá forbartha go dtí seo ag an CNCM/NCCA.