Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Is é seo a leanas struchtúr na bPleananna Teagaisc & Foghlama:



Aidhmeanna Cuntas ar a bhfuil an ceacht, nó an tsraith ceachtanna, ag iarraidh a bhaint amach. Luaitear Réamheolas, eolas ábhartha a bheadh ag daltaí cheana nó eolas a bheadh riachtanach chun tacú leo dul i ngleic leis an topaic nua seo.


Torthaí Foghlama Cur síos ar a mbeidh dalta in ann a dhéanamh, agus ar eolas agus ar thuiscint an dalta faoin am a mbeidh an topaic curtha i gcrích. Tagraíonn Gaol leis an Siollabas don rannóg ábhartha i Siollabas an Teastais Shóisearaigh agus/no i Siollabas na hArdteistiméireachta.


Acmhainní a Theastaíonn Liosta acmhainní a theastaíonn le topaic a theagasc agus a fhoghlaim. Buneolas ar an Topaic (i gcuid de na pleananna): Cur chuige leis an topaic a chur i láthair.

Idirghníomhú sa Cheacht Ceithre fho-theideal atá i gceist:

i. Tascanna Foghlama an Dalta – Ionchur an Mhúinteora: Rannóg a dhíríonn ar ionchur an mhúinteora. Tugtar sonraí ann d'eochairthascanna na ndaltaí, agus de cheisteanna a chuirfeadh múinteoir leis an gceacht a bhogadh chun cinn.

ii. Gníomhaíochtaí Daltaí – Freagairtí Tuartha agus Féideartha: Aiseolas a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó dhaltaí; freagraí féideartha; míthuiscintí a bhíonn ar dhaltaí uaireanta.

iii. Tacaíocht agus Gníomhú an Mhúinteora: Sonraí de ghníomhú múinteora atá ceaptha tacú agus cuidiú le foghlaim na ndaltaí.

iv. Seiceáil Tuisceana: Moltaí faoi cheisteanna luachála a d'fhéadfadh múinteoir a chur, féachaint an bhfuil spriocanna/torthaí foghlama á mbaint amach/bainte amach. Feidhmeoidh an luacháil sin mar bhonn eolais agus treoir do na gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama sa chéad (chúpla) rang eile.



Gníomhaíochtaí Daltaí: Gníomhaíochtaí a thugtar i ndeireadh gach plean, agus gaol acu leis na ceachtanna.


Buíon Forbartha an Tionscadail Mhata a rinne na Pleananna Teagaisc agus Foghlama seo a leanas a dhearadh.

An Ciogal Sinsearach

An Ciogal Sóisearach

 

T&F 1 Tús eolais ar an Dóchúlacht

T&F 1 Tús eolais ar an Dóchúlacht 

 

T&F 2: An Dóchúlacht agus an Mhinicíocht Choibhneasta

T&F 2: An Dóchúlacht agus an Minicíocht Choibhneasta

 

T&F 3: Trialacha Féaráilte le Dhá Dhísle

T&F 3: Trialacha Féaráilte le Dhá Dhísle

 

T&F 4: Fothorthaí ar Bhoinn a Chaitheamh in Airde

T&F 4: Fothorthaí ar Bhoinn a Chaitheamh in Airde

 

T&F 5: Tús Eolais ar Chártaí Imeartha

T&F 5: Tús Eolais ar Chártaí Imeartha

 

T&F 8: Tús Eolais ar an Triantánacht

T&F 6: Plánaí agus Pointí

 

T&F 9: An Ciorcal Aonaid

T&F 7:Tús Eolais ar Uillinneacha

 

T&F 10: Feidhmeanna Triantánúla

T&F 8: Tús Eolais ar an Triantánacht

 

T&F: Oibríochtaí ar Uimhreacha Coimpléascacha

T&F: Iolrú Codán

 

T&F: Buneolas ar Phatrúin

T&F: Buneolas ar Phatrúin

 
 

T&F: Buneolas ar Chothromóidí