Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Leabhair Thagartha / Foilseacháin

Leabhair Thagartha / Foilseacháin
Acmhainní luachmhara iad leabhair thagartha, do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Is iontach an ní é bailiúchán fiúntach leabhar a bheith ag scoil. Ach is maith is fiú iad na leabharlanna poiblí freisin. Roghnaíonn tú leabhar tagartha mórán mar a roghnaíonn tú téacsleabhar. Ach smaoinigh ar an méid seo a leanas:
Bíonn leabhair thagartha ag cur lena bhfuil sna téacsleabhair, agus ag iarraidh an t‑eolas iontu a leathnú ionas go mbeidh daltaí in ann ceangail a dhéanamh agus tuiscint níos fearr a fháil.

Leabhair do Mhúinteoirí

De Veaux ,R., Velleman, P. & Bock, D. (2008). Stats Data and Models. Pearson

Moore, D., McCabe,G & Craig, B. (2009). Introduction to the Practice of Statistics. Freeman

Jones, S., Tanner, H. (2006). Assessment. Continuum

Tanner,H., Jones,S.(2003). Marking and Assessment.  Continuum.

Artzt, A., Newman, C.(2006). How to use Cooperative Learning in the Mathematics Class. NCTM.

Conway, P. & Sloane, F. (2005).International Trends in Post-Primary Mathematics Education. NCCA Research Report No.5
[An téacs iomlán le fáil ar líne saor in aisce]

Leabhair do Dhaltaí

Enzensberger, H. (1997). The Number Devil. Granta.

Flannery, S. (2000). In Code: A Mathematical Journey. Profile Books

 

Foilseacháin

Lainseáil na Tuarascála: "Knowing What Counts"

Lainseáladh"Knowing What Counts” tuarascáil ar eolas matamaiticiúil na mbunmhúinteoirí in Éirinn don teagasc, ar an 2 Feabhra 2010. Comhfhoilseachán a bhí ann de chuid Institiúid Oideachais Marino agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Labhair Brigid McManus (Rúnaí Ginearálta na Roinne Oideachais agus Eolaíochta) ag an lainseáil, mar aon leis an Ollamh Michael Grenfell (Ceann Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus an Dr. Anne O’Gara (Uachtarán Institiúid Oideachais Marino). Labhair údar na tuarascála, an Dr. Sean Delaney, faoin taighde agus d’iarr sé go dtabharfaí deiseanna níos fearr do na múinteoirí atá ann faoi láthair agus do mhúinteoirí amach anseo an saineolas matamaiticiúil a fháil a chuideoidh leo an mhatamaitic a theagasc níos fearr.
Cliceáil anseo chun cóip den tuarascáil a íoslódáil.

The Effects of Calculator Use on Mathematics in Schools and in Certificate Examinations: Tuarascáil Deiridh ar Chéim 2
Seán Close, Elizabeth Oldham, Paul Surgenor, Gerry Shiel, Thérèse Dooley agus Michael O’Leary
Sa bhliain 1999 bhronn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta conradh ar ghrúpa a bhí comhdhéanta de Roinn an Oideachais, Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus an Foras Taighde ar Oideachas, Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath, chun staidéar a dhéanamh ar Thionchar Úsáid na nÁireamhán ar an Matamaitic sna Scoileanna agus sna Scrúduithe Teistiméireachta. D’eascair an staidéar as áireamháin a bheith clúdaithe sa siollabas leasaithe matamaitice don Teastas Sóisearach (a tugadh isteach i Meán Fómhair 2000, lena scrúdú den chéad uair i Meitheamh 2003), agus as cinneadh a rinneadh úsáid na n‑áireamhán a cheadú i scrúdú matamaitice an Teastais Shóisearaigh ó Mheitheamh 2003 ar aghaidh.
Cliceáil ar an nasc go dtí láithreán www.erc.ie, áit ar féidir an doiciméad a íoslódáil.

An Lárionad Náisiúnta Feabhais (Ollscoil Luimnigh)
Mórthionscnamh is ea NCE-MSTL, atá á mhaoiniú ag an Údarás um Ardoideachais (HEA) trí chlár chiogal 2 den Chiste Nuálaíochta Straitéiseach (SIF), chun taighde agus comhordú a dhéanamh ar chláir, agus chun tacú leo agus iad a fhorbairt agus a fheidhmiú ionas go bhfeabhsófar múineadh agus foghlaim na heolaíochta agus na matamaitice ar gach leibhéal. Ollscoil Luimnigh a dhéanann an Lárionad a óstáil, agus is faoi choimirce Chomhar na Sionna a oibríonn sé.

Is é misean NCE-MSTL, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teagaisc agus foghlama san eolaíocht agus sa mhatamaitic

Trí thaighde dea-chleachtais ardleibhéil ar bhonn fianaise a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim na matamaitice agus na heolaíochta –sna timpeallachtaí foghlama uile– bídís foimiúil, neamhfhoirmiúil nó neamhfhoirmeálta.

  • Trí bheith ag comhoibriú agus ag roinnt faisnéise leis na hollscoileanna uile agus le hinstitiúidí ar mhaithe le straitéisí a cheapadh a fheabhsaíonn múineadh agus foghlaim na matamaitice agus na heolaiochta, ón mbunscoil ar aghaidh, tríd an iarbhunscoil, agus uaidh sin go dtí an tríú leibhéal agus an ceathrú leibhéal.
  • Tríd an taighde atá ann a thiontú ina dhea-chleachtas éifeachtach i dteagasc agus i bhfoghlaim na matamaitice agus na heolaíochta.
  • Leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach – cláir ar bhonn fianaise agus a bhfuil aitheantas náisiúnta acu a dhearadh, bonn eolais a sholáthar dóibh, iad a chomhairliú agus iad a sheachadadh.
  • Trí mhodhanna scolártha a chothú i dteagasc agus i bhfoghlaim na matamaitice agus na heolaíochta.

Chun na hacmhainní matamaiticiúla atá forbartha ag NCE-MSTL a bhreathnú, cliceáil na naisc seo a leanas, Mathematical resources | Maths Summer Course 2009 
Chun an nuachtlitir a bhreathnú, cliceáil anseo

Nuachtlitir CNCM (NCCA)
Info@ncca a fhéachann le nuacht, gné-ailt agus colúin rialta faoi shaincheisteanna curaclaim agus measúnaithe a thabhairt isteach sa seomra ranga agus idirphlé a chruthú le múinteoirí agus tacaíocht a thabhairt dóibh ina gcuid oibre. Chun a thuilleadh a léamh, cliceáil anseo

Deacrachtaí Daltaí Iarbhunscoile le Fadhbanna as an nGnáth a Réiteach
Mar chuid de staidéar ar réiteach fadhbanna matamaiticiúla i measc daltaí meánscoile bhliain 2 (13-14 bl. d’aois) i Singeapór, ghlac 56 dalta meánscoile bhliain 2 as deich meánscoil páirt sa staidéar. B’í aidhm an pháipéir, na deacrachtaí a bhí le sárú ag 56 dalta meánscoile a iniúchadh nuair a bhí fadhbanna á réiteach acu. Rinneadh anailís ar na hagallaimh sin leis an struchtúr a díorthaíodh as Newman (1983) agus as Ramsley (1979). Ag éirí as na hagallaimh sin, b’iad na deacrachtaí a bhraith na daltaí meánscoile nach raibh in ann réiteach ceart a fháil: (a) easpa tuisceana ar an bhfadhb a bhí le réiteach, (b) easpa eolais maidir le straitéis, (c) neamhábaltacht an fhadhb a chur i bhfoirm mhatamaiticiúil, agus (d) neamhábaltacht an mhatamaitic cheart a úsáid.
Chun a thuilleadh a léamh, cliceáil anseo

Léargas daltaí ar na siombailí, na litreacha agus na síneacha san ailgéabar, agus mar a théann an méid sin i bhfeidhm ar fhoghlaim an ailgéabair
Cás-staidéar i meánscoil rialtais do chailíní in Karachi.
Úsáideann an tAilgéabar siombailí leis an uimhríocht a ghinearálú. Bíonn bríonna agus léirmhínithe difriúla leis na siombailí sin i gcásanna difriúla. Bíonn léargais dhifriúla ag daltaí ar na siombailí, na litreacha agus na síneacha sin. Ainneoin an méid taighde atá déanta ar dheacrachtaí na ndaltaí le litreacha san Ailgéabar, is é an tátal ginearálta atá le baint as an litríocht, go mbíonn míthuiscintí ar dhaltaí faoi úsáid litreacha agus síneacha san Ailgéabar. Tá impleachtaí tábhachtacha ag na torthaí sin do mhúineadh an Ailgéabair a chuideodh, b’fhéidir le tuiscint ar shiombailí a chothú sna daltaí agus sna múinteoirí araon. Chun a thuilleadh a léamh, cliceáil anseo