Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Téacsleabhair mar Acmhainn

Téacsleabhair

Téacsleabhair an phríomhacmhainn a bhíonn ag múinteoirí go minic agus cinneadh á dhéanamh acu faoin gcéad rud eile le teagasc. Bíonn téacsleabhair i gceist sa seomra ranga an t-am ar fad geall leis, ar bhealach nó ar bhealach eile. Is minic gurb é an téacsleabhar an t-aon fhoinse ‑ seachas an múinteoir ar ndóigh ‑ a mbeadh fáil ag na daltaí uile air sa rang. As téacsleabhair a thagann formhór na bhfadhbanna a thugtar mar obair ranga agus mar obair bhaile.
Níl leithéid ann agus téacsleabhar a d’fheilfeadh do riachtanais foghlama na ndaltaí uile. Bíonn ar scoileanna ábaltachtaí, riachtanais agus spéiseanna a gcuid daltaí a chur san áireamh agus téacsleabhar á roghnú acu. Caithfidh siad smaoineamh ar chaighdeán an leabhair freisin ar ndóigh. Ba cheart do na múinteoirí a bheith ag breathnú amach don oiriúnú is gá a dhéanamh i gcás téacsleabhair ar leith, agus don ábhar breise is gá a chur leis. Moltar Lámhleabhair na Múinteoirí a cheadú, mar aon leis an bPlean Teagaisc & Foghlama, CD an Dalta agus na hAcmhainní Daltaí ar shuíomh an CNCM/NCCA. Is cuidiú iad sin uile agus cinneadh á dhéanamh faoina bhfuil le teagasc, agus faoin tslí ina ndéanfar an teagasc.

Bíonn smaointe iontacha in an-chuid téacsleabhar. Féadann siad a bheith teoranta áfach más cur i láthair líneach atá iontu, agus is gá iad a oiriúnú más mar sin atá. Is iomaí slí le téacsleabhar a úsáid agus an chuid is fearr a bhaint as. Pointí le háireamh iad seo a leanas:


- Ní gá cloí le hord an inneachair sa leabhar.Is cóir réamheolas na ndaltaí agus tuairim an mhúinteora dá gcumas a chur san áireamh maidir leis an inneachar agus maidir leis an ord ina ndéantar é.

-Bain leas as na gníomhaíochtaí agus as na tascanna atá sa leabhar.Seans gur gá coigeartú a dhéanamh anseo is ansiúd le go mbeidh deiseanna ag na daltaí taithí a fháil ar iniúchadh na matamaitice.Is gá riachtanais agus ábaltachtaí na ndaltaí a chur san áireamh.

- Roghnaigh fadhbanna oiriúnacha don obair ranga agus don obair bhaile.Cuir in iúl do na daltaí an leibhéal castachta a bhaineann leis na fadhbanna atá le réiteach acu.

- Féach leis na hábhair bhreise a bhfuil fáil orthu a sholáthar do na daltaí, agus bain úsáid astu (ábhair ar nós an Plean Teagaisc agus Foghlama, CD an Dalta, Acmhainní Daltaí CNCM/NCC, suíomhanna idirlín) ar mhaithe leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a fheabhsú.

- Cuidigh leis na daltaí coincheapa, ábaltachtaí machnaimh agus scileanna a fhorbairt a chothaítear sa Tionscadal Mata.

- Leag mórán an bhéim chéanna ar phróiseas na foghlama is a leagann tú ar an bhfreagra.

- Cuir deiseanna ar fáil do dhaltaí don iniúchadh, don phlé, don tuairimíocht, agus lena gcuid réiteach agus torthaí a chur in iúl.

- Féach leis an smaointeoireacht ardoird a spreagadh.

- Féach le neart samplaí agus léirithe a chur ar fáil a chuideoidh le daltaí idir choincheapa agus scileanna a thuiscint.

- Roghnaigh ábhair a thugann deis do dhaltaí dul i ngleic leis an bhfadhbréiteach.

- Bí an-chruinn maidir le teanga na matamaitice agus maidir le siombailí na matamaitice.