Treoir maidir le hAcmhainní
Tá sé tábhachtach acmhainní teagaisc agus foghlama, téacsleabhair ina measc, a roghnú agus a úsáid go héifeachtach chun go ndéanfaidh na daltaí an fhoghlaim is fearr. Ní mór d’fhoireann na matamaitice sna scoileanna na hacmhainní a roghnú, a oiriúnú agus a fhorbairt chun tacú le foghlaim na ndaltaí. Is fearr mar a éiríonn le daltaí an méid atá foghlamtha acu a dhaingniú, agus a gcuid eolais a leathnú agus a fhorbairt, má bhaintear leas éifeachtach as acmhainní. Éiríonn leo straitéisí foghlama agus scileanna foghlama a fhorbairt freisin. Is iomaí acmhainn foghlama agus teagaisc don mhatamaitic ar an suíomh idirlín seo. Bíonn acmhainní tráchtála ar fáil freisin, de bhreis orthu sin. Seo samplaí dá bhfuil ar fáil:
Lámhleabhair Mhúinteora
Pleananna Teagaisc agus Foghlama
CD an Dalta
Gníomhaíochtaí Idirghníomhacha an Dalta a ghabhann leis an CD
Acmhainní CNCM do Dhaltaí
Téacsleabhair
Leabhair Thagartha/Foilseacháin Thagartha
Pacáistí Bogearraí, e.g. Autograph, Excel (saor in aisce), GeoGebra (saor in aisce)
Naisc Úsáideacha
Naisc Phraiticiúla
Is cóir leas a bhaint as na hacmhainní sin uile chun cuidiú le foghlaim na ndaltaí, agus chun cur lena n‑eispéiris foghlama. Is gá na hacmhainní sin uile a oiriúnú chun freastal ar riachtanais agus ar chumais éagsúla daltaí. Agus moltar do mhúinteoirí ábhair teagaisc agus foghlama dá gcuid féin a fhorbairt freisin.
Féadann an teagasc agus an fhoghlaim a bheith níos éifeachtaí, níos dinimiciúla agus níos spéisiula, ach acmhainní a úsáid i gceart. Agus is fiú stoc feiliúnach acmhainní a chur le chéile, de bhreis ar a bhfuil sa liosta thuas.
Is fearr taispeántas acmhainní a bheith ann, má tá slí sa scoil dá leithéid, chun go mbeidh deis ag na múinteoirí na hacmhainní a bhreathnú agus a léamh. Réiteach eile, cófra matamaitice agus cead ag na múinteoirí matamaitice leas a bhaint as. Ba cheart córas taifeadta a cheapadh d’acmhainní a thugtar amach ar iasacht in am ar bith. Ba cheart go mbeadh na múinteoirí matamaitice uile in ann teacht ar liosta suas chun dáta de na hacmhainní atá ar fáil.
B’fhiú iarraidh ar mhúinteoirí leas a bhaint as acmhainní a forbraíodh nó atá ar fáil. D’fhéadfadh na múinteoirí moltaí a dhéanamh maidir le hacmhainní a bheadh le ceannach amach anseo freisin. Seans gurbh fhiú ceardlanna beaga a eagrú sa scoil féin nó léirithe a dhéanamh i gcás acmhainní atá sa scoil, agus taithí na múinteoirí ar na hacmhainní a roinnt. Féadfaidh múinteoirí a bhfuil foghlamtha acu ag seisiúin dá leithéid a roinnt freisin.
Ba cheart na prionsabail seo a leanas a leanúint agus acmhainní á roghnú:
– Bídís ag teacht leis na Torthaí Foghlama sa Siollabas.
– Ba cheart réamheolas na ndaltaí a chur san áireamh.
– Ba cheart go gcuirfidís coincheapa agus smaointe i láthair ar bhealach gníomhach éifeachtach.
– Ba cheart go gcuirfidís daltaí ag foghlaim go gníomhach.
– Ba cheart go gcuirfidís eolas ar fáil, mar aon le creat don fhoghlaim.
– Ba cheart go mbeidís ag freastal ar na daltaí difriúla, le gníomhaíochtaí éagsúla foghlama ar leibhéil dhifriúla deacrachta.
– Acmhainní a úsáidtear chun cur le téacsleabhair, ba cheart go ndéanfaidís an fhoghlaim neamhspleách a chothú agus a leathnú, de bhreis ar ar foghlaimíodh sa rang.
– Ba cheart go n-éascóidís an plé agus an fiosrú freisin.