Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Cúrsa Modúlach
Snáithe 3: Timthriall Sóisearach


Cúrsa Modúlach do Shnáithí 3 & 4 (Uimhir & Ailgéabar)


(10 Feabhra 2012)

Is mór ag Foireann Forbartha an Tionscadal Mata an cúrsa modúlach seo a thairiscint ar Shnáithí 3 & 4: Uimhir & Ailgéabar. Díreoidh an cúrsa súil ar ghnéithe nua den siollabas agus modheolaíocht, agus cuirfear gníomhaíochtaí do scoláirí ar fáil. Clúdóidh an cúrsa toipicí as siollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.
Modúil (4 x 2.5 uair an ceann)

1. Patrúin Líneacha: Seichimh & Sraitheanna Comhbhreise.

2. Imscrúdú ar shaintréithe grafanna cearnacha, ciúbacha agus easpónantúla.

3. Imscrúdú breise ar phatrúin, ag baint úsáide as Sraitheanna Comhbhreise & Iolraíocha.

4. Cur i bhfeidhm Sraitheanna Iolraíocha.


Bronnfar teastais tinrimh

Breathnaigh dátaí, ionaid agus folúntais.


Breathnaigh Nótaí Cúrsa

Le nótaí cúrsa a bhreathnú, cliceáil anseo


Teicneolaíocht Eolais & Cumarsáide (TEC) a úsáid i Snáithí 3, 4 & 5

(29 Meán Fómhair 2011)

Beidh sraith de cheardlanna á reáchtáil ag Foireann Forbartha an Tionscadal Mata, i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas , mar thacaíocht do chomhtháthú an TEC i dTeagasc agus Foghlaim matamaitice do Shnáithí 3, 4 & 5 de Shiollabas an Tionscadal Mata. Díríonn na modúil seo isteach ar úsáid bogábhair chun céimseata, triantánacht agus calcalas a theagasc.
Trí mhodúl de 2.5 uair an chloig an ceann a bheidh sa chúrsa. Bronnfar teastas ceann cúrsa ar gach rannpháirtí.

Chun breis eolais a fháil, déan teagmháil leis an NCTE (http://www.ncte.ie/Training/Courses/) nó le do Ionad Oideachais áitiúil.

Nótaí Cúrsa:

Le nótaí cúrsa a bhreathnú, cliceáil anseo