Nuacht
Feabhra 2013
Muna bhfuil sintiús íoctha agat dár Nuachtlitir ach gur mhaith leat seaneagráin a iniúchadh, cliceáil anseo
Ar fáil anois ar líne: Iniúchadh ar Ghrafanna Triantánúla (ATAL)
Tugann an acmhainn seo cleachtadh do scoláirí an Timthrialla Shinsearaigh:
- ar ghrafanna triantánúla a aithint óna gcothromóidí
- ar ghrafanna triantánúla a sceitseáil
- ar pheiriaid agus ar raonta grafanna triantánúla.
Tríd síos gheibhtear moltaí maidir le conas scoláirí a ghríosadh le bheith páirteach i ngrúpobair agus i gcomhphlé lánghrúpa, maille le hábhar acmhainne. Tabhair cuairt ar http://irish.projectmaths.ie chun tuilleadh eolais a fháil, nó cliceáil anseo chun teacht air go direach.
Pleananna Idirghníomhacha Teagaisc & Foghlama
Tá formhór na bPleananna Teagaisc & Foghlama ar fáil anois go hidirghníomhach ar http://irish.projectmaths.ie . Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad ar fáil in dhá fhormáid:
- Mar PDF do fhótachóipeáil/lámhbhileoga nó le húsáid le hamharc-léiritheoir
- Mar láithreoireacht idirghníomhach PowerPoint
Níl le déanamh ach cliceáil ar an bhfillteán sa roinn ábhartha dár suíomh gréasáin lena fheiceáil.
Tá físeán gearr (thart ar 6 nóiméad ar fad) curtha i dtoll a chéile againn chun a chur ar chumas múinteoirí an leas is fearr a bhaint as an acmhainn uathúil, luachmhar seo.
Cliceáil le féachaint ar na bhfíseán
Cúrsa Modúlach 4: Réiteach Fadhbanna & Matamaitic Airgeadais
Cuireann sé áthas ar Fhoireann Forbartha an Tionscadal Mata an cúrsa modúlach seo ar Réiteach Fadhbanna & Matamaitic Airgeadais a thairiscint.
Díreoidh an cúrsa isteach ar ghnéithe nua den siollabas agus ar mhodheolaíocht, agus cuirfear gníomhaíochtaí scoláirí ar fáil.
Clúdóidh an cúrsa toipicí as siollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.
Modúil (4 x 2.5 uair a chloig an ceann)
- Réamhléiriú ar Réiteach Fadhbanna
- Réiteach Fadhbanna a chomhtháthú trasna an tsiollabais
- Matamaitic Airgeadais
- Tuilleadh iniúchaidh ar Mhatamaitic Airgeadais agus ar Sheichimh agus Sraitheanna Iolraíocha
Bronnfar teastas tinrimh i ngach cás.
Féach dátaí, ionaid agus áiteanna ar fáil
Ceachtanna Teagaisc GeoGebra
Tá táb nua ar http://irish.projectmaths.ie dar teideal GeoGebra/ICT. Tá mórán acmhainní GeoGebra agus ICT le fáil anseo, ina measc ceachtanna teagaisc GeoGebra ar a ndéanfar uasdátú go rialta. Cuireann ceacht teagaisc na míosa seo síos ar conas an “Fheidhmchigire” a úsáid, acmhainn sárthairbheach do mhúinteoirí scoláirí Ardteistiméireachta.
Más mian leat an acmhainn seo is deireanaí againn a iniúchadh, cliceáil anseo chun teacht uirthi go díreach.
Seachtain na nInnealtóirí
An raibh aon bhaint agat go fóill le Seachtain an nInnealtóirí?
Ón 25 Feabhra go dtí an 3 Márta i mbliana, tarlóidh an ceiliúradh bliantúil ar gach a bhaineann le hinnealtóireacht.
Eagrófar iliomad imeachtaí agus tarlachtaintí ar féidir páirt a ghlacadh iontu, le hócáid don uile dhuine agus deis do do scoil chun duais a bhuachan. Tabhair cuairt ar www.engineersweek.ie agus faigh breis sonraí scléipiúla!
Cartlann Nuachta an Tionscadal Mata



