Forbhreathnú ar an Tionscadal Mata
Faoin Tionscadal Mata tabharfar isteach siollabais leasaithe sa mhatamaitic don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht araon. Beidh athruithe ann maidir lena bhfoghlaimíonn daltaí sa mhatamaitic, maidir leis an gcaoi a bhfoghlaimíonn siad é agus maidir leis an measúnú a dhéanfar orthu.
Faoin Tionscadal Mata, féachfar le heispéireas foghlama níos fearr a chur ar fáil do dhaltaí, mar aon le leibhéil ghnóthachtála níos fearr do chách. Leagfar béim i bhfad níos mó ar dhaltaí a bheith in ann coincheapa matamaiticiúla a thuiscint, agus bainfear breis úsáide as comhthéacsanna agus as feidhmiú na matamaitice chun go gcuirfear ar chumas daltaí an mhatamaitic a cheangal lena n-eispéireas sa ghnáthshaol.
Díreoidh an tionscnamh freisin ar scileanna daltaí a fhorbairt i réiteach fadhbanna. Léireofar sa mheasúnú an bhéim dhifriúil ar thuiscint agus ar scileanna i múineadh agus i bhfoghlaim na matamaitice.
Cuireadh tús leis an tionscnamh i Meán Fómhair 2008 faoi cheannas CNCM, nuair a tosaíodh an Tionscadal Mata sa chéad ghrúpa scoileanna, 24 scoil ar fad. Tá fíorthábhacht leis na scoileanna sin sa phróiseas forbartha curaclaim. Cuidíonn a gcuid oibre siúd le CNCM foghlaim ó scoileanna an chaoi a n‑oibríonn na leasuithe atá molta ar an siollabas sa seomra ranga. Cuidíonn a gcuid oibre siúd le forbairt acmhainní teagaisc agus foghlama, agus le forbairt uirlisí measúnaithe.
Ina Snáitheanna, mar seo a leanas, a thabharfar isteach na siollabais Mhatamaitice.
1. Staitistic agus Dóchúlacht
2. Céimseata agus Triantánacht
3. Uimhreas
4. Ailgéabar
5. Feidhmeanna
An chéad dá snáithe a rabhthas ag obair orthu sna 24 scoil, tabharfar isteach ar bhonn náisiúnta iad i Meán Fómhair 2010 do dhaltaí tosaigh bhliain a haon agus do dhaltaí bhliain a cúig.
CÉARD ATÁ ANN DO NA DALTAÍ?
Gheobhaidh daltaí léamh nua ar an matamaitic leis na snáitheanna leasaithe: beidh samplaí agus feidhmeanna ansin a léireoidh gnéithe a aithneoidh siad. Tabharfaidh siad sin deis do na daltaí an gaol atá ag an matamaitic leis an ngnáthshaol agus le saol na hoibre a aithint freisin. Gheobhaidh daltaí scileanna anailíse san fhaisnéis mhatamaiticiúil, scileanna i gciall a bhaint as faisnéis mhatamaiticiúil agus i bhfaisnéis mhatamaiticiúil a chur i láthair. Gheobhaidh siad scil freisin sa réasúnú loighciúil agus san argóint loighciúil, agus i bhfeidhmiú a gcuid eolais agus scileanna matamaiticiúla chun fadhbanna a réiteach - fadhbanna coitianta agus fadhbanna neamhchoitianta.
MATAMAITIC AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH
Beidh níos mó den iniúchadh i gceist sa chur chuige don chiogal sóisearach. Tógfar ar eispéireas matamaitice na ndaltaí sa bhunscoil agus cuirfear leis. Le go mbeidh leanúnachas níos fearr ann le matamaitic na bunscoile, tá creat á fhorbairt a nascann na snáitheanna éagsúla sa mhatamaitic bhunscoile le topaicí i siollabais mhatamaitice an Teastais Shóisearaigh.
Leanfaidh na daltaí cúrsa coiteann sa mhatamaitic i dtús an chiogail shóisearaigh, agus ní bheidh orthu rogha a dhéanamh láithreach bonn maidir le leibhéal an tsiollabais. Beidh siollabais leasaithe ann ar dhá leibhéal don Teastas Sóisearach: Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, agus is é an sprioc go mbeidh 60% den chohórt daltaí ag gabháil don mhatamaitic ardleibhéil. Agus táthar ag súil dá réir go roghnóidh breis daltaí Matamaitic Ardleibhéil don Ardteistiméireacht.
Beidh scrúdú Bonnleibhéil ann sna blianta tosaigh agus é bunaithe ar an siollabas leasaithe Gnáthleibhéil. De réir mar a gheofar taithí ar na siollabais leasaithe agus ar an sprioc don roghnú, is amhlaidh a choinneofar súil ar an scrúdú bonnleibhéil féachaint an gá é a bheith ann.
MATAMAITIC NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
Cuirfidh taithí matamaitice na ndaltaí sa chiogal sinsearach ar a gcumas eolas agus scileanna a fhorbairt a bheidh riachtanach dá saol níos faide anonn, agus don staidéar breise i réimsí a bhíonn ag brath ar an matamaitic. Trí leibhéal siollabais a bheidh ann do Mhatamaitic na hArdteistiméireachta, an Bonnleibhéal, an Gnáthleibhéal agus an tArdleibhéal, agus páipéir scrúdaithe dá réir, 30% an sprioc Ardleibhéil. Déanfar stádas an chúrsa Bhonnleibhéil a iniúchadh mar aon leis na gráid scrúdaithe a ghnóthaíonn iarrthóirí i dtéarmaí inghlacthacht do chúrsaí áirithe tríú leibhéil.
De réir mar a thugtar na snáitheanna siollabais isteach is amhlaidh a bheidh athruithe incriminteacha ar na páipéir scrúduithe.
Tugann an tábla thíos an sceideal maidir le tosú na snáitheanna leasaithe siollabais.
AN TIONSCADAL MATA: AMLÍNE



