Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Siollabas


http://ncca.ie/projectmaths
Nasc go dtí ionad an Tionscadail Mhata ar shuíomh idirlín na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Ba cheart go mbeadh na doiciméid seo a leanas le fáil ansin:


- Siollabais agus Measúnacht
- Eolas
- Acmhainní do Dhaltaí
- Naisc

 

Páipéar samplach oifigiúil an Tionscadail Mhata.

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit tar éis páipéar samplach oifigiúil don Tionscadal Mata, mar aon le scéim mharcála, a chrochadh ar a suíomh idirlín. Cliceáil anseo chun iad a bhreathnú.

 

Tuairisc Tástála ar an Tionscadal Mata.

Tá tuairisc chuimsitheach curtha le chéile ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar na tástálacha a rinneadh le dréachtpháipéirí Samplacha Ardteistiméireachta i gcás céim 1 den Tionscadal Mata, i 24 scoil i nDeireadh Fómhair 2009. Tá freagraí samplacha sa tuairisc mar aon le samplaí de pháirt-fhreagraí agus d’fhreagraí nár thuill ach marc íseal. Cliceáil anseo leis an tuairisc a léamh.

 

Acmhainní Molta (Snáitheanna 1 & 2)

Liosta d’acmhainní molta do Snáitheanna 1 & 2.
Cliceáil ar an nasc thuas le breathnú ar dhoiciméad a bhfuil liosta acmhainní molta ann a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do mhúinteoirí agus iad ag teagasc Snáitheanna 1 & 2 de Shiollabas an Tionscadail Mhata. Ní liosta uileghabhálach é, ná baol air. Níl i gceist leis ach treoir fhéideartha amháin d’acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid.